Peader deBluit
Ógra Shinn Féin
Gach bliain thart ar an tréimhse reachtáltar féile ollmhór idirnáisiúnta, in ainneoin an méid sin áfach is iomaí daoine nach fios dóibh mar gheall air. An féile atá i gceist agam na Seachtain na Gaeilge. Is féile coicíse atá i seachtain na Gaeilge, a leanann ar feadh an dá seachtain roimh lá fhéile Pádraig. De gnáth eagraítear ócáidí mór a bhaineann leis an Ghaeilge i rith na coicíse seo. Is seans an dá seachtain seo níos mó daoine a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim, is a labhairt. Le blianta beaga anuas tá iarrachtaí móra déanta ag go leor grúpaí éagsúla an Ghaeilge a athbheochan, mar sin is cabhair iontach an tréimhse seo an Ghaeilge a thógáil.
I mbliana, tá carn mór imeachtaí eagraithe le daoine a tharraingt chuig an Ghaeilge agus an pobal Gaeilge go ginearálta. Tá réimse mór rudaí idir díospóireachtaí, laethanta Gaelaigh, tráth na gceist, rincí, seisiúin ceoil agus go leor leor eile. Le chois na himeachtaí seo tá dlúthdiosca úr seolaithe in éineacht leis an bhféile, Ceol 2008. Is taispeántas de saghasanna ceoil éagsúla taifeadtha sa Ghaeilge. Tá sé sna siopaí ó 29 Feabhra agus de réir atá cloiste agam is cnusach fíor-mhaith atá ann, agus an t-airgead ar fad ag dul chuig carthanacht pháistí.
Tá imeachtaí eagraithe go hidirnáisiúnta chomh maith – ar an ábhar gur féile idirnáisiúnta atá ann. Mar shampla, i Lucsamburg tá léacht ón bhfile Nuala Ní Dhomhnaill, agus san Astráil beidh cluiche ceannais CLG an Astráil ag dul ar aghaidh. Léiríonn an liosta imeachtaí seo an tionchar atá ag an Ghaeilge mar theanga, agus an tír seo araon ar an domhan idirnáisiúnta. Dáil an scéal tá liosta cuimsitheach des na himeachtaí ar fad atá ag tarlú in Éirinn agus timpeall an domhan mór le fáil ar shuíomh oifigiúl Seachtain na Gaeilge, www.snag.ie , gabh chuig an suiomh sin le aon eolas maidir le Seachtain na Gaeilge atá uait a fháil.
Is léir ag féachaint ar na himeachtaí éagsúla is léir go bhfuil borradh ollmhór ag teacht ar an nGaeilge anseo agus timpeall an domhan. Tá níos mó daoine ná riamh ag labhairt Gaeilge anseo, tá líon na naí-scoileanna, gaeilscoileanna, meánscoileanna Gaeilge, agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil i nGaeilge ag dul i méid gach uile lá. Tá aithne anois san Eoraip ar an nGaeilge mar theanga oifigiúl. In ainneoin an méid seo ar fad áfach fós féin tá drochmheas á léiriú ag rialtas na 26 contae don Ghaeilge sa mhéid is go bhfuil an t-Aire Oideachas anseo ag diultú an tumoideachas a thógáil isteach sa stát seo. Chomh maith le sin tá an t-Aire Cultúrtha ó thuaidh ag diultú Acht na Gaeilge a thógaint isteach, in ainneoin an fás atá ag teacht uirthi.
Tá Acht na Gaeilge tuillte ag muintir na Gaeilge sna sé contae, tá sé de cheart acu é a bheith acu. Mar a chéile leis an dtumoideachas, sé an slí is fearr an Ghaeilge a fhorbairt anseo. Mar is eol dúinn uile áfach is annamh ar féidir brath ar na daoine seo an cine cóir a dhéanamh. Ní gheofar Sinn Féin ag feitheamh ar treoir ó grúpaí eile áfach, d’imiríomar ár bpáirt féin an tseachtain seo chaite ag lainseáil cumann i mBaile Átha Cliath, cumann de shaghas éigin eile é seo áfach, cumann atá ann a feidhmeoidh trí Ghaeilge amháin. Scaipfidh cumainn cosúil le seo tríd an tír ar fad agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a cur mar theanga oibre an páirtí seo.
Mar sin tá an post fúinn féin an Ghaeilge a fhorbairt i ngach slí go féidir linn. Gan dabht an slí is fearr le tacú léi ná í a labhairt. Mura bhfuil an Ghaeilge ar do thoil agat, is fút féin atá sé í a fhoghlaim. Níl sé de chumas againn cath mar seo a bhuachaint inár aonar, mar sin téigí agus í a fhoghlaim, abair le bhur cairde í a fhoghlaim. Chosain í. Labhair í. Tacaigh léi.
No comments:
Post a Comment