Friday, April 03, 2009

Gníomhaí Ógra tofa do Aontas na Mac Léinn i UCC

Toghadh gníomhaí de chumann Máirtín ó hÚrsain mar oifigeach Gaeilge ar Aontas na Mac léinn i UCC le déanaí. Tá Seán Ó Sé, ón gCromáin, Cill Órglán i gContae Chiarraí, gníomhach sa chumann i UCC ó 2007, agus toghadh é mar chathaoirleach ar an gcumann le déanaí chomh maith.

Dhein sé stocaireacht ar ceisteanna ar nós cur i bhfeidhm na gcodanna de bhunreacht an aontais a bhaineann leis an dátheangachais; níos mó imeachtaí cultúrtha a chur ar fáil, agus a ionad ar an aontas a úsáid chun an troid i gcoinne táillí a chur chun cinn.

Bhí sé seo le rá ag Seán ; ‘‘Is mór an onóir é a bheith tofa mar Oifigeach Gaeilge. Is mór an dúil atá agam sa Ghaeilge, agus táim ag súil le mo chuid a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge, agus an cultúr Gaelach i gcoitinne a chur chun cinn so choláiste. Chomh maith le sin, is dóigh liom go léiríonn sé seo an obair atá a dheánamh ag Ógra i UCC, go bhfuil ionadaí anois againn ar an aontas. Déanfaidh mé mo dhícheall dualgais an ról seo a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir liom.’’

Ógra activist elected to UCC Students union.

A member of the UCC Martin Hurson Cumann was recently elected to the position of Irish Language officer on the UCC students Union. Seán Ó Sé, of Cromane, Killorglan, Co. Kerry has been involved in Ógra on campus since 2007, and was recently elected chair of the cumann in UCC.

He campaigned on the issues of proper upholding of the provisions on biligalism in the Students union constitution, which to this point have been neglected, more cultural events, and using his position on the Students Union to combat fees.

Seán had this to say ’It’s a massive honour to be selected as the Irish language officer. I have always had a great interest in Irish, and hope to do my best to promote it’s use, and promote Irish culture on campus. Furthermore, I believe it’s further reflection on the good work done on campus by Ógra that we are now represented on the Union. I will do my best to fulfil this role in best manner I can’.

2 comments:

Seán Ó Briain said...

Maith thú Seán

Blissett said...

JINGLE JANGLE