Monday, July 06, 2009

Rith 2010

Senan MacAoidh
Ógra Shinn Féin

Ag glacadh ionspráide ó ‘Korrika’ Thír na mBascach beidh a mhacasamhail ar siúl in Éirinn ar an 10ú Márta 2010. Rachaidh an t-ollrith seo ó Bhéal Feirste, síos fríd Chúige Laighean, siar go Ciarraí agus críochnóidh sé i gCathair na Gaillimhe. Gearrfaidh an chamchuairt frí cheithre chúige agus 400 baile!


Eagrófar an ócáid ar bonn suimiúil ina cheannóidh na rannpháírtithe ciliméadar an duine le rith agus an onóir ag an té sin an bata a iompar ar feadh an chiliméadair. Leanfaidh an rith gan stad de lá ‘s d’oíche agus an bata á iompar i rith an ama i dtreo a cheann scríbe.

Tá an t-ollrith le bheith ar siúl i rith Sheachtain na Gaeilge agus mairfidh an cúrsa féin 7 lá. Cuifear teachtaireacht rúnda laistigh de bhata speisialta adhmaid agus ní leagfar síos an bata go dtí go sroichfidh sé Cathair na Gaillimhe ar Lá Fheile Pádraig, áit a léifearamach an teachtaireacht.

Tá clú agus cáil ar Korrika na mBasacach agus rannpháirteachas ollmhór ó gach cearn den phobal aige achan uile bhliain. Anuraidh ghlac 600,000 páirt ann!

Deis iontach é seo d’aon duine ar spéis leo tacaíocht a thabhairt don teanga s’againne. Céim mhór chun tosaigh é an t-ollrith agus má éiríonn leis na sluaite a mhealladh beidh sé ina dhea-chomhartha do thodhchaí na Gaeilge. Ba chóir go nglacadh achan bhall d’Ógra Shinn Féin leis an deis seo.
www.rith.ie

No comments: