Tuesday, September 26, 2006

An Gaeilge


Peader De Bluit

Tá an teanga Gaelach mar chuid lárnach de shaol na tíre seo. Is teanga fíor-stairiúl í an Gaeilge. Sí an céad teanga scríofa an Eoraip, agus ó shin i leith tá mórán athruithe feicithe aici, cosúil leis na hathruithe a tháinig ar an tír féin. Ní hí an teanga céanna a labhair Cú Chulainn, ná fiú an teanga céanna a labhraíodh nuair a bhí na Gaill ag iarraidh a lámh láidir a chur i bhfeidhm anseo. In ainneoin sin áfach sí ár dteanga fós í agus tá se de dhualgas againne í a labhairt agus a bheith bródúil aisti.

San aimsir seo tá mórán dúshlán roimh an Gaeilge. Níl an teanga féin labhartha go forleathan, níl an meas céanna is a bhí agus de dheasca blianta de neamhshuim agus neamhaird tá na canúintí éagsúla ag dul i léig agus níl muintir óg na ceantracha sin á gréaadh chun í a labhairt eatarthu féin - rud a bhfuil gearghá le chun na canúintí céanna sin agus an teanga féin a caomhnú.

Pé rud a tharlódh d'ár dteanga ins an t-am atá le teacht, is ár dteanga fós í agus ceann des na rudaí i gcultúr na hÉireann a dhaingníonn cé hé sinn féin, agus a scarann sinn ó ciní agus cultúir éagsúla.

Má scaoilfimís don Gaeilge leanúint ar an mbóthar atá sí ag dul, caillfear an tábhacht a bhaineann léi agus má tharlaíonn sé sin caillimid cuid ollmhór d'ár n-oidhreacht, ár bpearsantacht.

Is teanga beo í an Gaeilge caithfear smaoineamh uirthi mar sin chun a cinntiú go méadófar a stór agus go n-eiríonn sí níos láidre, le gach lá a imíonn.

Tá Ógra Shinn Féin i bhfabhar go mór an teanga Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn.Tuigimid go maith áfach, nach féidir linn é a dhéanamh inár aonar. Mar sin táimid ag iarraidh muintir óg na tíre seo a spreagadh chun an Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt eatarthu féin mar sin an t-aon slí amháin í a cur ar ais in áit príomha i saol na tíre seo.

Labhair í. Cosain í. Bí bródúil aisti. Ní amárach, ná an lá ina dhiadh, ach inniu.

No comments: