Wednesday, April 02, 2008

Athbheochan na Gaeilge – Arís?

le Peadar de Bluit

Níl cur amach agam ar theanga ar bith eile a bhfuil idir bás is beatha fógraithe di an méid céanna uair leis an Ghaeilge. Gach ré bliain bíonn fiosrúcháin éigin ar: cur chun cinn na Gaeilge; conas mar atá ag éirí léi; an bhfuil sí i mbaol an bháis; nó an bhfuil sí ag dul ó neart go neart. In ainneoin an méid a foilsítear i ndiadh na fiosrúcháin seo bíonn an freagra ón rialtas mar an gcéanna i gcónaí – rud ar bith. Is cosúil áfach nach féidir le neamhaird an rialtais bac a cur le fás ár dteanga náisiúnta ar an ábhar go bhfuil na ráflaí arís ann go bhfuil an Ghaeilge ‘sa bhfaisean’, agus go bhfuil sí ‘fionnfhuar’ a bheith á labhairt. An aiséirí úr é seo don Ghaeilge don míliú uair ina saol, nó díreach iarracht sceimhle beocht a thabhairt do theanga atá ag streachailt léi leanúint ar aghaidh?

Thart ar aimsir Seachtain na Gaeilge bhí, mar is ceart a bheith, roinnt mhaith gníomhaíochta i measc na ciorcail Gaeilge. I gColáiste na Tríonóide seoladh staisiún raidió úr trí mheán na Gaeilge dírithe ar dhaoine óga. Chun na fírinne a rá is céim iontach chun tosaigh seo ó thaobh na meáin Gaeilge ar an ábhar gur tugadh le fios don scríbhneoir seo go raibh daoine óga thuas tíre ag iarraidh éisteacht le staisiún raidió trí mheán na Gaeilge ach go raibh ag teipeadh glan le RnaG – i rith an lae ar aon nós. An méid sin ráite bhí iarrachtaí déanta ag a leithéidí Raidió na Life agus Raidió Fáilte, ach amháin go raibh said ag obair ar bhonn teoranta. Beidh le feiceáil conas a éiríonn la Raidió X mar atá cáil air faoi láthair ach is cinnte gur tús maith atá ann, agus mar a deir an seanfhocal sin leath na hoibre.

Chomh maith le sin i rith seachtain na Gaeilge tháinig clár nua Des Bishop chugainn, “In the name of the Fada”. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé feicithe agam go fóill, agus níl ach corr rud cloiste agam ina thaobh mar sin nílim chun mheas a dhéanamh air anseo. Déarfaidh mé an méid seo áfach is cuimhin liom Bishop a fheiscint ag cóisir Gaelach thuas i Stormont nuair a bhí sé ann agus le bheith cothrom leis tá fuinneamh suntasach aige ó thaobh na Gaeilge. Ní haon rud fuirist atá ann dul agus teanga iomlán úr a fhoghlaim gan trácht ar í a úsáid ar stáitse I lár seó, agus do sin tá moladh tuillte uaidh. Gan dabht tá sé go maith an méid seo gníomhaíocht a fheiscint i measc an saol Gaeilge, ach caithfidh bheith ann níos faide ná díreach aimsir Sheachtain na Gaeilge.

Ní féidir le aoinne a rá nach i bhfabhar na Gaeilge atá an gníomhú seo ar fad gach uair a bhíonn clár Gaeilge ar an ngnáth teilifís nó ar fhógra éigin ar an raidió árdaíonn sé tionchar na Gaeilge, cuireann sé in iúl do dhaoine go bhfuil sí fós gan aon phlean aici imeacht in aon áit. Chomh maith le sin de dheasca na hinfheistíochta ar fad atá ag dul ar aghaidh na laethanta seo tá Earnáil Gaeilge ag teacht chun tosaigh go gasta. Mar sin tá an Ghaeilge go forleathan sna meáin, tá sí ag cruthú postanna, agus is teanga oifigiúl í insan Eoraip anois - ach níl an céim is tábhachtaí tógtha go fóill. Níl sí á labhairt sa chlós, agus má tá is annamh a chloistear a lasmuigh de geataí na scoile í. Ag deireadh an lae is cuma cé mhéid infheistiú nó airgead a cruthaítear trí’n Ghaeilge, mura bhfuil sí á labhairt go sóisialta, sna scoileanna agus i measc an phobal, tá muid ag déanamh dearmad ar an gcuid is tábhachtaí den gcath atá ós ár gcomhair.

1 comment:

Anonymous said...

aontaím le cuid mhaith rudaí san alt seo a pheadair agus creidim go bhfuil difir mhór ann ar fud na tíre idir áiteanna a bhfuil an gaeilge ag dul ó neart go neart agus áiteacha eile ina bhfuil sé ag laghdú (ar ndóigh tá a lán fáthann as seo, cuid mhaith do nach bhfuil rialtais na sé chontae is fiche buartha fán ghaeilge sa ré iar tígír ceilteach)

tchím anseo i Béal Feirste mar shampla an ghaeilge achan lá go háirithe i measc daoine óga, an chéad gluan forleathan a dheachaigh tríd an chóras ghaelscoilaíochta agus anois atá mar cuid den tsaol mhór sa chathair.

ar ndóigh is í ár dteanga náisitúnta í an ghaeilge agus tchíonn tú an fás seo i gceantracha eile fud fad na tíre agus mar a dúirt mé in aiteacha eile naimhdeas agus dúilteachas dírithe ar an ghaeilge. is cúis imní e seo.

sin ráite sílm a obair atá romhainn i shinn féin na fás na ghaeile a chinéal 'chothromú' ar na 32 chontae sa dóigh is go mbeidh seal ag achan duine éireannach nó dhaoine eile an teanga bhaint amach agus a fhoghlaim más mian leo.

aontaím leat mar sin de go bhfuil dualgais ar an rialatis agus freagracht ag na meáin chumársaide an ghaeilge a usaid agus a cuir chun chinn.

sin mo méid chara

beir bua