Monday, July 21, 2008

Rath ar Slógadh na n-Óg!

Senan MacAoidh
Ógra Shinn Féin

Tá eagraithe Slógadh na n-Óg thar a bheith sásta leis an ócáid ar fad a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine. Bhí muid ag súil go dtiocfadh léar mór daoine amach chuig an an ócáid agus sin a tharla. Bhí an-chuid baill d’Ógra Shinn Féin i láthair fosta agus measann muid gur bhain achan daoine an-sult agus an-tairbhe as.



Bhí an deireadh seachtaine féin lonnaithe i gceantar álainn Thír Chonnaill, i sráidbhaile beag darbh ainm Dún Lúiche, suite faoi scáth mhór Earagail. Roghnaíodh an áit áirithe seo fá choinne an tslógaidh de bharr an mhéid ghaeilge a labhairtear ann, atá go h-ard agus de bharr na tacaíochta áitiúla don slógadh a chuaigh go mór chun ár leasa.

Thosaigh cursaí ar an Aoine nuair a tháinig an bus isteach ón ómaigh timpeall a cúig a’ chlog. Láithreach d’imigh dhá chomradaí dicheallach isteach sa chistin agus chuir futhu ag ullmhú bhéile mór an lae. Bhí caint dar teideal ‘Athghabháil na h-Éireann’ ann in ionad cois locha idir dhá loch Dhún Lúiche.

Thug Gráinne Mhic Ghéidigh, comhairleoir áitiúil de chuid Shinn Féin, agus ionadaí ar Údaras na Gaeltachta, ise a thug an chaint. Labhair sí leis an dream bailithe, meacan máirí idir glan-tosnathóirí, foghlaimeoirí agus daoine le Gaeilge líofa, labhair sí leo fá dtaobh de stair na teanga agus an tabhacht a bhaineann leí agus fá dtaobh de na tógraí lastigh de Shinn féin atá ag forbairt úsáid na gaeilge sa pháirtí. Bhí sí ag caint as béarla agus as gaeilge agus dúirt achan daoine ina dhiaidh go raibh sé iontach suimiúil dóibh.

I ndiaidh na cainte sin le Gráinne bhí Rang gaeilge bunúsach againn le Paul Brady as Béal Feirste. Léiríú thar a bheith anamúil a bhí ann agus bhain an múinteoir úsáid as drámaí beaga agus súimheanna laethúla, mar shampla ag ceannacht earraí sa siopa, chun focail agus phrasaí áisiúla a theagaisc. Ag a naoi a’ chlog d’imigh muid uilig síos go teach tabhairne Mhic Ghéidigh fá choinne cúpla deoch agus giota craic.

Maidin Shathairn, i ndiaidh Ranga Ghaeilge eile chuaigh muid ar thuras bus timpeall an cheantair agus bhí bean áitiúil darbh ainm Catríona mar theoraí againn. Thug sí míniú dúinn stair na tírdhreachta agus na spriocanna agus na fothracha éagsúla a bhí scapaith ar fud na háite. D’inis sí finnscéalta na háite agus caidé mar fuair báiltí a n-ainmneacha.



Bhí cuid chainteanna eile againn ar an Sathairn sin. D’inis Jhonny McGibbon, ball d’Ógra agus comhairleoir san lorgain, d’inis sé dúinn faoina thaithí ag foghlaim na gaeilge le tamall beag anuas agus an dul chun cinn ata á dheanamh aige. Labhair sé go hiomlan dátheangach. Caint an-ionspóireadach a bhí ann do na foghlaimeoirí a bhí i láthair agus thug sé ardú croí do na daoine sin a bhí a cuir faoin ghaeilge a fhoghlaim.

Thug Jim Monaghan, iar-bhall da thrúir na Colóime, thug se caint dúinn fá dtaobh den eacnamaíocht, an nua-liobrálachas go háirithe agus na dúshláin nua ata romhainn mar shóisialaigh. Mhínigh sé bun-phionsabail na heacnamaíochta mar shampla, ag míniú caidé go díreach é caipitileach. Caint shuimiúil agus domhain a bhí ann, agus cinnte go bhfuil gá le níos mó dá leithéid in Ógra chun ár n-aigní a dhíriú ar na mí-cothromaíochtaí atá ann sa chóras seo againne, an chaipitilíochas.

Ar an chaint dheirneach a bhí againn san ócáid, bhí Féilim Borland de chuid na hirise NÓS*, ag labhairt fá dtaobh dá iris agus faoi na Meáin ghaeilge i gcoitinne. Labhair sé as gaeilge amháin agus labhair sé le paisean faoina tionscnaimh nua ata ag tarlú le míonna beaga anuas maidir le seirbhísí nua ata ar fáil sa teanga agus deiseanna atá ag daoine anois scéalta as gaeilge a scaipeadh sna meáin ar nós Raidió Rí-Rá, ar ndóighe NÓS*, blaganna, podchraoltaí srl.

Ar an oíche sin chuaigh muid amach go dtí Pub Mhic Ghéidigh arís agus d’fhan ansin ró-fhada b’fhéidir! Bhí ceol curtha ar fáil le ceolteoirí áitiúla agus daoine eile a bhí linne a ghlac leo uirlisí ceoil. Ainneoin na hoíche déanaí sin d’éirigh daoine ag a hocht a’chlog ar maidin fá choinne bricfeasta agus dhreap ansin suas Earagail! Nuair a tháinig muid arais bhí Lón againn agus chuaigh muid abhaile go dtí an Ómaigh ar bhus.

To finish in English (a mhalairt a bhíonn fíor de ghnáth, ta fhios agaibh caidé ‘tá a rá agam a ghaelgeoirí!).

The whole event was definitely a success and we aim to make this an annual event. The weekend, of which this is only a small snapshot, included a lot more and was popular mix of activities, physical, political, cultural, musical and educational, all with an emphasis on promoting an Ghaeilge.

See you's next year!

6 comments:

Anonymous said...

Maith thu!

Anonymous said...

craic go hiontach a bhí ann!

j

Anonymous said...

gaeilge is our language comrades lets learn it and help to revive our culture!

Anonymous said...

Sorry for the bearla, but I just wanted to say a very big congratulations to Senan and all that helped to make this the great weekend i'm sure it was. So wish I could've made it but next event will be a priority.

Unknown said...

*wishing I could speak Irish* I bought a language guide for Irish to learn a little bit from time to time, but I'm a German student, I haven't got much time :(

Keep it up! someday I'll join ya! ^^

Anonymous said...

I’ve recently started a blog, the information you provide on this site has helped me tremendously. Thank you for all of your time & work.