Tuesday, December 09, 2008

Ó Bama Abú

le Tíarna Ní Chorra
Ógra Shinn Féin
An Lorgain, Ard Mhacha
Gan aon agó is fada ó bhí an domhan mór chomh tógtha fá cheannaire tofa. Barack Obama, Seanadóir, agus anois Uachtarán nua ar Stáit Aonaithe Mheiriceá. Féar plé do agus do mhuintir na Stát a roghnaigh é mar chomharba ar Dubya, an fear a scrios clú na tire, an fear a rinne ionsaí ar an Iaráic i dteannta a bhuddy ón Breatain, Tony Blair.

Anois, b’fhéidir go mbeidh níos mó measa ag an domhan mhór, agusag an chuid is mó de dhaonra na cruinne, nach fir meánaosta geala iad ar Mheiriceá. Don chéad uair ariamh thogh na Meiriceánaigh fear ón imeall, fear ón mhionlach, fear gorm mar uachtarán ar a dtír féin.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin daoine ag céiliúradh na hoáide seo? An bhfuil sé chomh iontach sin in ndáiríre? Bhuel, le freagra gonta a thabhairt, tá.

Rugadh Barcak Hussein Obama ag fíorthús na seascaidí. Ba bhean gheal í a mháthair agus b’as an Chéinia dá athair, fear gorm. Rugadh in Haváí é, an caogadú stat san Aontas. Ag an am sin, agus Obama sa chliabhán go fóill, bhí fi agus mná gorma i stáit áirithe I ndeisceart meiriceá nach raibh an vóta acu. Diúltaíodh dóibh mar gheall gur rugadh seanthuismitheoir amháin dá gcuid sular fhusclaíodh na sclábhaite. Ní raibh guth ar bith acu i dtoghchán in Alabama, abair, i naoi déag seasca a dó, abair, mar gheall gur rugadh a seanmháthair sula raibh Abraham Lincoln i réim. Dochreidte. A le fírinne, caithfidh muid tuigbheáil nach raibh cead ag duine gorm deoch uisce a ól as a fhuarán chéanna is a d’ól an duine geal as ag am fiú.

Rugadh Baby Obama sular thug and Dr Martin Luther King a óráid uaidh. Nuair a bhí Baby Barack ag an chíoch ní raibh na focail chinniúnacha sin “Tá aisling agam…” I mbéal an Oirmhinnigh King ná i meon a phobail Afra-Mheiriceánaigh. Bhí Obama cúig bliana d’aois nuair a cuireadh leasú I bhfeidhm I mbunreacht na tire le cearta sibhialta a thabhairt don chine ghorm. Ní raibh acht seacht mbliana slánaithe ag Barack, nó ag Barry Óg mar a tugadh air ag an am in Haváí, nuair a feallmharaíodh Martin Luther King. Agus é ina ghasúr óg chonaic Barack Obama círéibeanna fuilteacha ar an teilifís ar shráideanna chathracha Mheiriceá, círéibeanna idir an cine geal is an cine gorm.

Bheadh sé an-deacair ar fad do dhuine gorm ó leithéidí Mhississippi nó Georgia, abair, sna blianta sin roimh uachtaránacht John F.Kennedy, meabhrú fiú go mbeadh fear cosúil leo ag rith don oifig is aired sa tír. D’fhéadfá a rá fiú go mbeadh sé doshamhlaithe.

Anois, agus muid ar thairseach uachtaránacht Bharack Uí Bhama, tá an chosúlacht ar an scéal gur féidir gach aon rud a chur i gcrích. “Danacht an Dóchais” an t-ainm a thug Obama ar a leabhar féin, agus anois, tá sé dhánacht againn ar fad bheith dóchasach go dtiocfaidh deireadh leis na cogaí san Iaráic agus san Afganastáin fiú. Tig linn bheith dóchasach go ndruidfear an campa géibhinn i mBá Guantanimo. Tá súil againn, fiú go dtiocfaidh bláth ar dhóchas na Meiriceánach maidir lena gcaighdeán maireachtála féin.

Obama? Ó, b’fhéidir

1 comment:

Anonymous said...

alt suimuil ata se

caithfidh me mo focloir a usaid! lol

maith thu