Sunday, March 21, 2010

Nach bhfuil sé in am dúinn droim láimhe a thabhairt don Eaglais?

Tá siad nochtaithe mar dhream a raibh caimiléireacht, droch-chleachtais, tromaíocht agus seannósachas amaideach go smior iontu. Le tamall fada anuas tá líomhaintí ag teacht amach in éadan na heaglaise caitilicí in Éirinn fá dtaobh den droch-íde a bhí á thabhairt ag an il-iomad sagart do pháistí agus do dhaoine óga na tíre seo. Leoga tá an pápa i ndiaidh trioblóid a tharraingt air féin lena bhí a dhéanamh aige agus é in eapag i Munich. An pápa céanna nach féidir a bheith mícheart dar le teagasc na heaglaise.

Anois, anuas air na tuairiscí agus na nochtaithe uilig, sheol an pápa litir amach chuig paróistí agus tithe pobail na tíre seo ag cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé i ndáiríribh faoi fhadhb na caimiléireachta ina institiúid féin. Má léann tú an litir, tchífear nach bhfuil ann ach leithscéalta lofa. Rud a chur isteach ar go leor, mar shampla, an leithscéal a úsáideann sé ag míniú cad chuige gur tharla an droch-íde sa chéad áit – gur mar gheall ar dhí-eaglaisiú na tíre a bhí na tarlúintí seo titim amach. Sa litir déanann sé tagairt aríst 's aríst do chreideamh na gcaitliceach agus do mhíreanna ón bhíobla, is cuma sa diabhal i dtuairim an iriseora seo, ní ceist reiligiúnda í seo, is ceist coiriúlachta agus caimiléireachta í.

Ní haon ionadh go bhfaigheann muid cur chuige mar seo ón phápa Ratzinger. Fear atá ar dhuine de na daoine is coimeádaí i gcliarlathas na heaglaise. Is i dtreo nua a bhí an eaglais le bheith ag imeacht, 'spiorad Vatacáin 2' mar a thugtar air, ach an é an meon sin atá ag an phápa seo? Ní dóigh liom é ón mhéid atá cluinte againn uaidh. Ag moladh dlí canónta at bhíonn sé sa litir, ach 'sé an rud ná ní hé an dlí canónta dlí na tíre seo. Is ''poblacht'' é an stát ó dheas againn ar an oileán seo a deir an rialtas linn ach de réir mo thuisceana féin ní bhíonn ach dlí amháin i bpoblacht agus sin dlí na ndaoine. Ar oscailt chéad leathanaigh an bhunreachta againn ní shílfeá gur poblacht atá anseo leis na tagairtí ar fad do dhia.


Na ligfear don eaglais dallamullóg a chur orainn, is muintir na hÉireann ar leo an tír seo agus ní an eaglais chaitliceach ná eaglais ar bith eile. Tá an tír seo ag athrú, mar a admhaíonn an pápa féin, tá ról agus stádas na heaglaise ag ídiú i measc na ndaoine – buíochas le dia! Tá mé ag tnúth le tuilleadh laghdaithe agus ídithe ar an eagraíocht gan mhaith sin. Ní seo ach mo bharúil féin, agus ná bíodh míthuiscint ann, ní ag maslú an reiligiúin i gcoitinne atá mé ach cumhacht na heaglaise caitlicí in Éirinn. Caithfear dí-eaglaisiú na tíre seo a chur i gcrích mar is ceart agus caithfear dhul i ngleic leis an eaglais. Cumhacht pholaitiúil, eacnamúil, chultúrtha agus shóisialta atá acu. Cumhacht a chaithfidh muid, ar mhaithe linn féin, a bhaint uathu.

Tuaraim duine gan aithne í seo.

1 comment:

Anonymous said...

Who is the author? This should be made clear in articles which are not press releases,