le Peadar de Bluit
Tá a fhios agam go bhfuil mé tar éis dearcadh an rialtas i leith na Gaeilge a chur faoi scian sa cholún seo le déanaí, ach i ndáirire bhí sé tuilte acu. In ainneoin seo áfach, thángthas ar píosa ar an idirlíon i rith na seachtaine agus b’éigean dom solas níos láidre a lonnrú air. Go bunúsach an fadhb an tráth seo ná go bhfuil rialtas na 26 contae ag iarraidh tábhacht agus úsáid na Gaeilge san Aontas na hEorapa (AE) a ídiú go mór. De réir na tuairisce, ar Bhlog na Gaeilge, na príomh fhadhbanna atá ann faoi láthair ná gramadach neamh-oiriúnach agus easpa infeheistíocht do aistritheoirí. Tá mo tuairim féin ag neartú nach bhfuil suim ar bith i cur chun cinn agus fás na Gaeilge ar an t-oileán seo.
De réir dealramh luíonn an cuid is mó des na fadhbanna ó thaobh an gramadach de le mí-thuiscintí sa caighdeán. Anois, is oth liom a rá libh nach tacaí mór na caighdeána mé, i ndáirire caithfidh mé a rá go bhfuil fadhb ollmhór agam le prionsabail na caighdeána fein, tuigim áfach gur díospóireacht fíochmhar mór sin agus mar sin scaoilfidh mé leis go fóill. Léiríonn na mí-thuiscintí atá á fhulaingt ag rialtas na 26 contae san Eoraip nach bhfuil siad in aon chor i ndáirire faoi chur chun cinn na Gaeilge mar theanga beo labhartha.
Cuirtear cosa leis an argóint seo leis an dara cuid den giota. Cáintear an rialtas as easpa airgead a infheistiú in aistritheoirí cumasacha. Ní ionsaí atá anseo in aon chor ar na haistritheoirí féin. Táim cinnte go hiomlán go bhfuil said ag déanamh a naoi ndícheall ins na coinníollacha ina bhfuil said. Ag deireadh an lae tá fréamh na faidhbe siar sa bhaile againn. Níl traenáil ceart ar fáil do aistritheoirí proifeisiúnta. Níl seo sásúil ar chor ar bith. Tá an rialtas seo ag ceapadh go féidir le daoine dul amach go dtí an Eoraip agus cumas a bheith acu Gaeilge ó gach carn den tír a aistriú gan fadhb ar bith, is léir nach bhfuil cur amach ar bith acu ar chomh deacair is atá sé tenaga a aistriú, gan tógaint san áireamh in aon chor an réimse cainiúintí éagsúla atá againn anseo in Éirinn. Dar le go leor daoine gur aistritheoirí nádúrtha iad Gaeilgeoirí líofa. Is cuma más Gaeilgeoir ó dhúchas atá ann, ní ciallaíonn sin go bhfuil said ina aistritheoir. Is post deacair é agus tá gá le traenáil cuimsitheach chun dul i dtaithí air.
I ndeireadh na dála tá freagra simplí ar an gceist seo is déanaí. Tá an Ghaeilge anois ina theanga oifigiúil san AE. Ní haon mhaitheas sin a bheith ann mura bhfuil an méid is mó tairbhe is féidir a bhaint as. An dualgas atá anois ar an rialtas ná infheistiú cuimsitheach a cur isteach i traenáil agus tacaíocht aistritheoirí amuigh san Eoraip, ionas nach mbeimid inár gceap magaidh ós comhair na baillstáit eile. Tá stádas ag an Ghaeilge anois nach raibh ann cheana, agus níl sin ann ach amháin toisc iarrachtaí leanúnach ó grúpa díongbháite. Mura gcuireann an rialtas an infheistíocht riachtanach sa tógra seo is masla den t-ord scoth é ar an dhaoine a d’oibrigh chomh crua an pointe seo a scriosadh agus masla ar an náisiún féin. Mar a deir an seanfhocal faoi dhaoine óga, mol an óige agus tiocfaidh. Is dócha má dhéantar an rud céanna leis an Ghaeilge chomh maith tiocfaidh sise leis.
No comments:
Post a Comment