Thursday, August 21, 2008

Oi Polloi – Laochra Punc na hAlban!

Senan MacAoidh
Ógra Shinn Féin

Ní chífear na fir seo ina suí timpeall tine, ag caitheamh geansaithe Arrain agus píobaí tabac ina mbéal acu ag labhairt fá dtaobh den talmhaíocht. Ni hea! Puinc atá iontú agus puinc a chanann i nGaeilge na hAlban.



Go bhfios dom níl móran cáil orthu anseo in Érinn ach in Albain is scéal iomlán difriúil é, tá Oi Polloi ar cheann de na bannaí fo-chulturtha is mó i mbéal an phobail. Ta meascán mearaí daoine ann atá á leanúint, puinc don chuid is mó ach Gaeil óna garbhchríocha fosta a thuigeann agus a dhéanann nacs le líricí s’acu.

Don chuid is mó canann siad faoi cheisteanna polaitiúla, sóisialta agus faoin timpellacht. Is grúpa iontach polaitiúil iad atá ar son saoirse don albain ach ní chuireann siad náisiúinithe orthu féin. Tá siad mar pháirt den ghluaiseacht ainrialaithe sa Bhreatain agus is don bhratach dhearg ‘s dubh atá a ndílseacht mar a léirítear san amhrán ‘ Union Jack, Thall ‘s Cac!’

Ach ar scor ar bith chuaigh mé chun iad a fheicéal ag seinnt beo i nDún Éideann an Déardaoin seo caite agus caithfidh mé a rá gur iontach an gig a bhí ann. Cé go raibh an seomra measartha beag le níos lú na 150 duine ansin, bhí an t-atmaisféar ar dóigh. Bhí siad ag seinnt in éanacht le cuid punc-bhannaí agus amhránaithe eile ach nuair tháinig Oi Polloi suas chun an stáitse bhí tú in ann an fuadar a mhothú nuair a thosaigh achan duine ag bogadh i dtreo an stáitse agus an ciúnas. Ansin thosaigh siad lena gcéad amhrán don óiche ‘ar ceol ‘s ar canan’ agus d’freagair an slua le damhsa fian na bpunc.

B’iad an banna is fearr fá choinne rannpháirt an tslua iad go cinnte agus i rith cúpla amhrán chuir siad líricí simplí mar ‘Oi, Oi, Oi’ nó ‘Póg mo thóin’ suas ar phíosa chartchlár go bhfeicfeadh an slua é agus go scairteadh siad amach é ag an am caoi. Fiú ag pointe amháin thóg siad fear bocht aníos ón slua le giota beag air-guitar a dhéannamh leo ar an stáitse.


Bhí achan duine ag rochadh amach go maith an oíche sin agus ag rochadh amach le amhráin ghaeilge ach níos tabhachtaí fós, amhráin mhaithe crua! Oi Polloi abú!

http://www.myspace.com/oipolloialba

No comments: