Saturday, September 27, 2008

Turas go Catalunya

Senan MacAoidh
Ógra Shinn Féin

Fríd 's frid ba chuairt iontach dearfach í go Catalunya. Taobh istigh d'achar ama gearr bhí an deis againne ana chuid a fheiceáil agus bualadh le a lán daoine. I dtus ama a luaithe 's a shroic muid an áit bhi bean de chuid JERC ag fanacht linn ag an aerphort agus thiomáin sí go direach muid le bualadh le Marc Puig agus ansin go dtí an t-óstán. Chonaic muid ar theilifís áitiúil go raibh ócáid JERC fógartha i mBlanes agus roinnt mhaith ama acu ar an teilifís fosta ag labhait faoi phoilitíocht ‘sacu.


Tógadh muid ansin go 'Casa del Poble' nó 'teach na ndaoine' agus bhuail muid le baill de JERC ag cruinniu naisiunta 'sacu, ar nós ár gcruinnithe Chomhairle Náisiunta, seachas in ionad chóras 'sagainne bhi 'runaithe' acu as gach réigiun. Rud suntasach faoin chruinniu ( agus bhi an cruinniu direach thart nuair a shroic muid an áit) ná gur ith siad uilig béile traidisiunta de chuid na Catalóine i ndiaidh an chruinnithe, san áireamh bhí arán crua bán le anlainn trátaí agus ola ológ, chomh maith le sin bhí slisíní feola agus an t-ispín Catalan.

Labhair siad uilig Catalan le chéile an t-am ar fad agus d’inis siad dúinn fa dtaobh de chuid feachtas a bhí ar siúl acu maidir le cur chun cinn na teanga ‘acu, mar shampla rith siad feachtas ag impiú ar dhaoine sa chatalunya cara nó comharsa béal dorais amháin acu a ghlacadh mar mhac léinn agus Catalan a theagsc dó. Mar aon le hÉirinn tá daonra mór inimirceach sa tír, rud nach raibh baill JERC in éadan ach bhí siad criticiúil faoin mheath ar an teanga dhúchais a bhí an t-inimiceas ag cruthú.

Bhí feachtas t-léinte acu ag speagadh daoine chun a dteanga a labhairt leis an mhana ‘Úsáid do Theanga’ agus cartún de lanún ag pógadh. Rud a usáideadh le linn Seachtain na Gaeilge in Éirinn.

Níor insíodh dom féin ná do Dhaithí go raibh orainn óráid a thabhairt os comhair bhaill an pháirtí áiltíuíl ERC go dti gur bhain muid amach Blanes, an baile beag ina raibh muid. É sin ráite tugadh leor tamaill dúinn smaointí a chur le chéile agus dhá oráid measartha fada a ullmhú.

Idir ama bhí deis againn suí le baill de Chomhairle Náisiúnta JERC, cúpla cupán caife a ól agus labhairt faoin phoilitíocht agus eagrú eagraíochtaí. D’inis siad dúinn fán chóras atá acu maidir le airgead a bhailiú ó gach ball acu go míosúil, níl ach 4 euro i gceist agus dá bharr sin, ar ndóighe bíonn ciste na heagraíocht níos mó agus fosta ta siad in ann a rá linn go baileach cé mhéad ball( nó Militants a chuireann siadsan orthu ) atá acu. Mura n-íochann ball trí mhí i ndiaidh a chéille cailleann an té sin a bhallraíocht, agus cailleann sé vóta ag an Ollchruinniú Bliaintiúil. Córas suntasach atá ann agus ceapaimse gur fiú d’Ógra machnamh ar a leitheid de chóras dár n-eagraíocht féin.

D’imigh muid linn go dtí an Casa del Poble aríst agus ansin bhuail mé féin ‘s Daithí le Uachtarán agus le Rúnaí Ginéarál ERC. Rinne ball sinséireach de JERC óráid fhada ar an teilifís agus bhí slua mór áitiúil i láthair ann. I ndiaidh na cainte seo rinne Uachtarán an pháirtí óráid eile mar gheall ar chúrsaí airgeadais Chatalunya agus an plean a bhí ag rialtas na Spáinne cánacha as Catalunya a úsáid i réigiúin eile na Spáinne, rud a bhí sé go láidir in éadan.

Faoin am seo bhí ar mise agus Daithí labhairt, leagadh amach tabla le brat Chatalunya, bhí Pere Aragonés, ionadaí i bparlaimint Chatalunya mar chathaoirleach ann agus rinne fear eile aistriúchán ar bhéarla ‘sagainne. Labhair ar feadh beagnach dhá uair in iomlán, ceisteanna san áireamh agus bhí suim mhór sa lucht féachanna faoi na rudaí a bhí a rá againn. Labhair muid faoi staid phoilitíochta na hÉireann, thuaidh agus theas, an dul chun cinn atá déanta againn agus na dúshláin atá romhainn. Labhair Daithí go príomha faoi forbairtí le déanaí ó thuaidh, agus faoi ról ‘saige i stormont. Labhair mise faoi Ógra, cad a dhéanann muid i bpobail áitiúla agus ar bhonn náisiúnta. Chuir mé i gcomparáid gluaiseacht phoblachtach Éireann agus gluaiseacht phoblachtach Chatalunya, ag iarraidh ceachtanna a aimsiú dúinn bheirt. Luaigh me fosta an streachailt reatha don Ghaeilge in Éirinn, rud a bhí an-bhá acu do.

Mar chuid den Ócáid bhliaintiúil acu i mBlanes, bhí ceolchoirm le bheith ar siúl ach de bharr na droch-aimsire cuireach ar ceal é. Gan mhoill áfach chuaigh muid go baile eile gar dúinn, áit a bhí ceolchoirm rac eile ar siúl agus seastán ag JERC ann clúdaithe le postéir, bratacha agus bainnéir, bhí pub sealadach acu ann agus airgead maith á thuilleadh acu don eagraíocht. Dar leo, déanann siad seo go rialta agus is foinse thabhachtach airigid é dóibh. Insíodh dúinn fosta gur go dtí le déanaí bhí teach tabhairne ceart ag an eagraíocht féin ach dúnadh síos é.

Mar Chonclúid, is dream iontach eagraithe, proifisiúnta iad JERC agus tá cúpla rudaí practiciúla a thig linn chur i bhfeidhm inár n-eagraíocht féin chun í a fheabhsú. Tá go leor le foghlaim againn uathu maidir le eagrú grúpa mór náisiúnta óige ar nós Ógra Shinn Féin. Ag rá sin tá siad bunaithe le breis ‘s 80 bliain agus i bhfad níos baill acu, ach ag foghlaim uathu beidh muid ag dul sa treo ceart.

No comments: