Sunday, September 02, 2007

Agallamh : Niall Ó Donnghaile, urlabhraí Shinn Féin in Oirthear Bhéal Feirste



Mol an óige...

Ar mhaith leat cuir síos a dhéanamh ort féin?

Is mise Niall Ó Donnghaile, is urlabharaí Shinn Féin in Oirthear Bhéal Feirste mé, tá mé 22 bliain d’aois. Is ón Trá Ghearr ó dhúchais mé agus tá mé i mo chónaí ann go fóill. Tá mé fostaithe mar cúntóir ranga i nGaelscoil in Iarthar Bhéal Feirste.

An mbíonn gnáthlá agat a Niall?

Cad é an rud é gnáthlá? I ndáiríre, bíonn cinnte, is ceantar beag an Trá Ghearr í agus nuair a bhíonn daoine ag iarraidh rud ar bith déanta nó rud ar bith is féidir linne i Shinn Féin cuidiú leis bíonn siad i dteagmháil agus tá mise breá sásta cuidiú le dhuine ar bith.

Cé chomh fada an bhfuil tú i Sinn Féin agus cad é mar atá cursaí i dTrá Ghearr anois?

Chuaigh mise isteach i Ógra Shinn Féin nuair a bhí mé 16, cé gur phoblachtach mo shaol ar fad mé, le linn léigear na Trá Ghearr i 2001/2002.

Faoi láthair sa Trá Ghearr, mar a gcéanna le achan áit tá muid ag iarraidh an pháirtí a thogáil, tá muid ag iarraidh lámh cairdeas a chuir amach don phobail aontachtach agus dílseach, cuimhnigh gurbh é an toghcheantair is aontachtach sna Sé Chontae é Oirthear Bhéal Feirste agus níos tábhachtaí arís tá muid ag iarraidh an suíocháin a bhí ag Joe O Donnell a fháil ar ais agus an phobail náisiúnach, poblachtánach a shamhlú i Halla na gCathrach.

Cad é faoi Sinn Féin agus na hóige?

Bhuel is duine óg mé fhéin agus chuir Shinn Féin anseo chun tosaigh sa toghcháin deireanach mé mar sin de sílim go léiríonn sin go bhfuil an pháirtí dáiríre faoin t-aois óg a cuir chun tosaigh sa pháirtí. Sílm go bhfuil áit ag daoine óga taobh istigh dár streachailt inniu mar a bhí acu i gcónaí, níl agat ach amharc ar na fir agus mná óga a chuaigh amach le troid ar son saoirse agus sóisialachas na hÉireann agus a fuair bás, is inspioráid domhsa daoine cosúil le Joey Fitzsimmons ó cheantar s’agam fhéin a fuair bás agus é 17 bliain d’aois ach cheánna féin Óglach oilte é a chaith am i bpríosún agus a scaoileadh le linn cath le Arm na Breataine é. Sílim go bhfuil dualgais ar an pháirtí meoin agus spiorad an t-aois óg sa streachailt a chothú-cuid den am tá siad i bhfad níos polaitiúla na mar a shíleann chomrádaithe níos sinne agus is féidir leo, tríd Ógra na tríd an pháirtí é sin, cuid mhór a thabhairt don streachailt agus an gluaiseachta a thabhairt ar aghaidh agus ar aghaidh.

Tá spéis agat inár dteanga náisiúnta, nach bhfuil?

Is cinnte go bhfuil, tá an Ghaeilge mar cuid lárnach de mo shaol óna thosaigh mé ar Naíscoil Mhic Airt i 1987 agus ansin ar aghaidh liom go Bunscoil Phobail Feirste ar Bhothair Seoighe agus Meanscoil feirste ar Bóthar na bhFál i ndiaidh. Anois ar ndóigh tá mé ag obair sa chorás Ghaelscolaíochta agus ag obair taobh istigh den pháirtí lenár dteanga náisiúnta a chur chun cinn.

Ar bhain tú taitneamh as Meanscoil Feirste?

Cinnte, thosaigh mé Meanscoil Feirste i 1996 nuair a bhí muid go fóill lonnaithe sa Chultúrlann agus ní raibh áit ar bith cosúil leis. Bhí muid ar scoil ach thíos staighre bhí caife gníomhach agus siopa leabhair ann, thuas staighre bhí oifigí Lá, bhí TACA ann, bhí Ráidió Fáilte ag craoladh go neamhdhleathach ón suíomh sna laethanta sin agus bhí aisteoirí ag cleachtadh san amharclann thuas staighre fosta; ait ar leith a bhí ann agus is cinnte go raibh an meascán d’oideachas, cultúir agus phobail mar tionchar mhór orainne na daltaí agus deirfinn gurbh é sin an fáth a bhfuil mhór acu anois ag obair i gcuid mhóir gnéithe éagsúla den tsaol sa chathair. Am iontach spéisialta a bhí ann sa mheánscoil.

Anois, ba mhaith liom caint leat maidir le ábhar Acht na Gaeilge. Cad é an cineál Acht atá de dhíth ar phobal na Gaeilge chun ceartaí s’acu a chinntiú agus cá mhéad ullmhúcháin atá déanta cheanna féin?

Níl de dhith orainn ach Acht atá bunaithe ar cearta dhaonna, tá an phobail ghaelach ag fás i gcónaí fud fad na tíre ní amháin sna 6 chontae. Ach is cinnte go bhfuil dualgais ar Rialtais na Breataine na gealltanais a thug siad i Chomhaontú gCill Rímhín a chuir i bhfeidhm gan mhoill. Níl an teanga galánta seo mar bagairt do dhuine ar bith agus caithfidh mé a bheith ionraic, cuireann sé isteach orm cuid mhaith nuair a deireann polaiteoirí aontachtacha go bhfuil muidinne i Shinn Féin ag úsáid mar ‘liathróid polaitiúla’ é an teanga; níl muidinne ach ag iarraidh ceartaí a neartú agus a chinntiú, an rud a dhéanann muid le achan duine. Níl mise ag iarraidh cearta s’agam mar ghaelgóir cinntithe tríd reachtaíocht le cuir isteach ar dhuine ar bith, is dearcadh chomh sotalach e sin, tá mise ag iarraidh cearta s’agam cinntithe mar is gaelgóir i chónaí in Éireann mé!

Cad é an fís atá agat a Niall do thodchaí na teanga?

Go mbeidh an seal ag achan duine an teanga a bhaint amach agus a fhoghlaim más mian leo, ach níos tábhachtaí arís, go mbeidh tábhacht agus stair an teanga foghlamtha againn, sílim go bhfuil sé tábhachtach meas a bheith agat ar saibhreas ar dteanga náisiúnta. Ar ndóigh ba chóir go raibh cearta s’againn neartaithe tríd reachtaíocht fiúntach a chinntíonn go bhfuil cothrom na féinne ag cainteoirí.

An bhfuil pleananna agat féin?

Leis an ghaeilge a cuir chun cinn? Lean ar aghaidh ag déanamh an méid agus is féidir, mar shampla anseo sa Trá Ghearr tá breis agus 90% de na sráidainmneacha dhátheangach, bhí orainn comharthaí sráide ag impí ar dhaoine moilligh síos a chuir in airde ar sráid sa cheantar agus tá siad i nGaeilge. Tá muid ag cuir tús le grúpa Ghaelach a chuir ar bun sa cheantar a bheas mar aidhm aige an teanga a chuir chun cinn agus áis sóisialta thabhairt do na neart gaelgóirí atá lonnaithe sa cheantair.

Go raibh maith agat a chara agus mar chríoch, dá mbeadh saoirse na hÉireann againn cad é a dhéánfá?

Ceiliúradh ar dtús ar ndóigh, ach mar is cóir, oibriú ar son prionsabal forógra 1916 a chuir i bhfeidhm, rud a chinntíonn cearta na dhaoine ar fad sa tíre. Sin atá mar aidhm agam mar urlabharaí Shinn Féin agus mar Phoblachtach.



No comments: