Friday, August 17, 2007

Naoimh nó Naimhde


le Peadar de Bluit

Bheifeá caillte tar éis an tseachtain seo ag iarraidh a dhéanamh amach cé atá ar cén taobh insan agóid Aer Lingus. Tá an méid sin taobhanna éagsúla go bhfuilid roinnte suas idir naoimh is naimhde. Bhí mé suí ann tar éis an nuacht an céad lá a bhris an scéal is mé measctha go hiomlán. Bhí ciréib cainte idir muintir Sionna, na ceardchumainn, oibrithe an t-Aerfort, an Rialtas, Ryanair, bainistíocht Aer Lingus agus na meán cumarsáide sáite eatarthu ar fad. Bhíos caillte go hiomlán ach ansin d’imigh an scéal in olcas. Bhí na eitiltí ag bogadh, “Go dtí cén áit?”, arsa mé féin. Ansin do chonaic mé miongháire ollmhór ar an céad Aire, agus Gearóid Ó Ceallaigh taobh leis, bhí a fhios agam nach ag críochnú a bhí an scéal seo ach ag tosú…

An lá dár gcionn lorg mé comhairle ón lár-ionad eolais; sinnfein.ie. An céad rud ós mo chomhair amach ba ea preas ráiteas ó Maurice Quinlivan á cáineadh íobart na heitiltí ó Sionna. Bhí eitiltí nua ag teacht go Béal Feirste áfach ní féidir sin a fhágáil ar leathaobh, an féidir? Níor fhágfadh, thíos píosa ón gcéad preas ráiteas bhí pictiúr Paul Maskey ann. Scrúdaigh mé an méid a bhí ann agus dar ndóigh ag fáiltiú na heitiltí a bhí sé, an raibh cogadh cathartha na heitiltí ar tí briseadh amach eadrainn féin? Ní raibh cinnte, thíos ag bun luaigh sé a déistin gur fhágadh Sionna gan na heitiltí seo, bhíomar tar éis sinn féin a shlánú. Cad féin cuid eile áfach?

Tar éis ár suíomh féin a fhágáil go dtí suíomh eile nuachta a chuas. Cinnte a dhóthain, bhí cogadh na heitiltí faoi lánsheol. Gan dabht an rialtas a bhí ag fulaingt an cáineadh is measa. Níor fhágfadh Aer Lingus gan a gcuidse ach an oiread, bhí na naimhde aimsithe agam, sin a shíl mé ar aon nós. Na naoimh áfach scéal difiriúl a bhí ansin. Bhí Michael O’ Leary - William Martin Muphy II - ag cáineadh an plean amach is amach. Nach eisean an duine a bhfuil 25% de stoc Aer Lingus aige, nach mbeidh siúd ag déanamh airgead ón bplean nua seo, cad a bhí ag dul ar aghaidh anseo?

D’éirigh an scéal níos measa sna laethanta a tháinig ina dhiadh. Bhí Willie O’ Dea anois tagtha amach ag dul i gcoinne seasamh an rialtas, á rá nach raibh an rud a bhí ag tarlú i gceart in aon chor. Bhí na naimhde ag iarraidh a gcuid dathanna a athrú. Mar a d’imigh an tseachtain ar aghaidh áfach d’éirigh an tseachtain níos measa do mhuintir na Sionna; gnó ag dúnadh síos, tógraí á cur ar cheal agus níos mó lena chois sin.

Ag deireadh an lae áfach is cuma cé atá ar cén taobh. Na doine tábhachtach sa scéal seo ná muintir na Sionna iad féin. Ní féidir na daoine seo a fhágáil ar lár agus dearmad a dhéanamh ar na daoine seo i sorcas na meán cumarsáide atá ag dul ar aghaidh ann.

No comments: