Friday, August 10, 2007

Sláinteachas Bóithre



Peader DeBluit

Tá deireadh seachtain eile imithe uainn, agus níos mó daoine marbh ar na mbóithre. Is uafásach an scéal é ar fad nár cuireadh leigheas níos fearr ar an gceist seo fós. Tá bagairtí na Gardaí imithe ar shlí na fírinne, feachtas bóithre an rialtais ina thost chomh maith, agus mar is gnáth tá na húdaráis ag déanamh neamh-shuim des na sé contae. Is dochreidte an scéal é nach dtuigeann na daoine seo fós go bhfuil gá an fadhb seo a leigheas ón dá thaobh den teorainn.

Le seachtain anuas tá cáipéis ar shláinte bóithre eisithe ag Sinn Féin, chun aird a tharraingt ar méid na faidhbe seo. Molaim daoibh go hard an méid atá sa cáipéis seo. Tá moltaí ciallmhara radacha istigh ann agus é mar aidhm acu meoin na tiománaithe sa tír seo a athrú. Lena chois sin molann sé athruithe ó thaobh reachtaíocht de chun saol tiomána níos fearr a chothú don uile duine againn. Is doiciméad fíor-cruinn, cuimsitheach í an doiciméad seo a leagann bóthar soiléir amach chun leigheas éigin a cur ar an gceist seo.

In éineacht leis an doiciméad seo an tseachtain seo caite, tá feachtas úrnua tosaithe ag Ógra Shinn Féin ar an ábhar céanna. Tá feachtas ÓSF ag díriú ar dhaoine óga, ag iarraidh dea-cleachtais ar na mbóithre a spreagadh iontu. Ar an ábhar go bhfaigheann níos mó daoine óga bás de bharr ciotrúin bóithre, i ndiadh lámh a cur ina bhás féin, chinn ÓSF go mbeadh an feachtas seo thar a bheith tábhachtach ag an stad seo. Sé aidhm an feachtas ná oiliúint a cur ar dhaoine óga anois chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na bóithre níos sláintiúla sa todhchaí.

Níl aon dabht ach go bhfuil na rudaí seo ar fad ag tarlú ag an am cruinn agus torthaí scrúduithe an tSamhraidh á eisiúint go luath. Gach blian um an dtaca iompaíonn tréimhse, ar cheart a bheith spreagúil agus áthasach, go dtí am brónach ag cuimhniú ar dhaoine óga a chaill a shaol ar an mbóthar. Tá gá anois,a níos mó ná beagnach am ar bith eile sa bhliain, a cur ina luí le daoine óga a bheith curamach ar na bóithre. Más rud é go bhfuil siad ag tiomáint ná bídís ag ól, agus bídís thar a bheith curamach ar fad. Cailltear go leor ógánaigh le linn an tréimhse seo. Déanaimís ár naoi ndícheall nach dtarlóidh sé i mbliana.Beimís go léir ag súil go dtagann athrú ar an scéal seo ins an tréimhse atá le teacht. B’fhéidir - ach ní bhéinnse fanacht - go dtógfaidh an rialtas suas moltaí Shinn Féin suas agus go gcuirfear i bhfeidhm iad. In ainneoin gníomhú sna 26 áfach táim cinnte go bhféachfaidh an Aire Forbairt Réigiúnda sna 6 contae ar an moltaí, tús maith leath na hoibre. Ní féidir linn áfach bheith ag fanacht ar an rialtas an fadhb seo a leigheas. Tá dualgas ar gach uile duine againn bheith níos curamí ar na bóithre agus meas a bheith againn dosna daoine eile atá á úsáid. Más féidir linn an meoin sin a cothú eadrainn féin scaipfidh sé go luath.

Tá ár gcuid beag le himirt ag gach uile duine againn sa streachailt i gcoinne timpistí bóithre. Tá an teachtaireacht soiléir: MOILLIGH SÍOS!!

1 comment:

Anonymous said...

Moilligh Síos!