Tuesday, October 30, 2007

Cailliúint mhór postanna i Léim a’ Mhadaidh.

Senan Mac Aoidh

Fógraíodh ar an 29 de Dheireadh Fomhair go ndruidfidh monarchán Seagate i Léim a’ Mhadaidh go deo, beidh os cionn 900 curtha as a bpostanna nuair a imíonn Seagate go dtí Malaysia an bhliain seo chugainn de bharr cotasaí níos ísle thall. ‘Sé seo i gceantar iarthuaiceart na tíre atá thíos leis ó thaobh postanna de ar feadh na blianta, agus tar éis tuilleadh cailleadh postanna le deanaí. Mothóidh muintir Tír Chonaill agus Condae Dhoire an tubaiste sóisialta seo go crua. Bhí ráflaí ag dul thart le fada go gcaillfí postanna sa mhonarchán. Ach ar an Luan, an 29ú chuir an comhlacht cuid pobail suas mar nach raibh a dhóthain spása sa mhonarchán agus d’fhógair siad do na gcuid oibrithe go mbeadh siad as a bpostanna. De réir tuarascála bhí fearg mhór i measc na ndaoine i láthair sa phobal.

Léiríonn sé seo go maith an gá atá ann do oibrithe bheith i mball de cheardchumann, ionas go mbeidh cosaint maith ag oibrithe nuair a tharlaíonn tubaistí mar seo. Taispeánann sé fosta dúinn nach féidir linn brath ar na comhlachtaí móra il-náisiúnta ar nós Seagate. Tagann siad thuig tír nuair atá costasaí íseal ar oibrithe agus nuair a athraíonn coinníollacha, imíonn siad chun breis brabús a dhéanamh as pá níos lú a íoc do na gcuid oibrithe.

Tá gá le geilleagar dúchasach nach mbéadh muid ag brath ar chomhlachtaí as tírthe eile, ach fosta caithfidh go mbéadh na comhlachtaí móra seo i seilbh an pobail, ‘sé sin go mbéadh siad i seilbh an stáit, an pobail áitiúl nó na noibrithe ar nós comharchumann. An seilbh ag brath ar chionníollacha agus riachtanais na ceantracha áitiúla a athraíonn ó chás go cás. Tá fhios agam go dtéann sé seo in éadan tuairmí an mórchuid faoi láthair le meoin an ‘Tígir Celtigh’ ach tá dualgas orainne mar phoblachtaigh sóisialacha moltaí chóra a chuir chun cinn agus an slí sóisialach a chuir i mbéal an phobail mar dóigh eile atá so-dhéanta agus réalaíoch.

Arís impím ar bhaill de Shinn féin, go háirithe Ógra Shinn féin dul le ceardchumann éigin, cé bith a oireann dóibh agus seasamh a thógáil lá i ndiaidh lae ar son na n-oibrithe i mbealach ar bith a féidir leo, fiú muna bhfuil siad ag obair faoi láthair.
Beidh mearbhall ann i measc roinnt daoine mar go bhfuil Sinn Féin san údarás áitiúl sna Sé Chondae agus fós córas eacnamaíochta caipitilíoch ann, caithfidh muid a léiriú go han-soiléir go bhfuil Sinn Féin go láidir in éadan an córas seo ach de bharr coinníollacha neamh-ghnácha le comhaontú Aoine an Chéasta agus na heactraí ina dhiaidh sin nach raibh mórán de rogha againn ach dul i rialtas le na ‘Aontachtaithe Daonlathacha’. Tá sé fíor gur eagraíocht iontach deis-eiteach é an DUP agus tá suim acu cumhacht lucht an caipitil a chaomhnú, níl suim acu i dtodhchaí an pobail uilig ach i dtodhchaí a dtiachóga féin. Ach ní bheidh drogall ar bith orainne a bheith comh docht daingean lenar dtuairmí is a bhí riamh agus leanfaidh muid le freasúra ceart in éadan na sean-bhealaí éagóireacha

No comments: