Thursday, December 06, 2007

An bhfuil dearmad déanta ar an lucht oibre?

le Peadar de Bluit

Sar a thosaím b’fhearr dom a soiléiriú cé go díreach atá faoi caibidil agam anseo. Níl mé ag dul ag déanamh measúnú ar an páirtí polaitíochta den teideal céanna, dhein mé a dhóthain trácht dóibhsiúd an lá cheana. Oibritheoirí na tíre seo atá i gceist agam, go háirithe iadsan atá níos faide síos an scála pá. Is dócha gur oiriúnach an t-am anois é comhrá a athosú faoi stad na gnáth oibrithe sa tír seo. Tá dhá buiséad idir lámha ar an oileán beag seo againne faoi láthair, agus ceachtar acu ag déanamh mórán maitheasa do lucht oibre na tíre seo, in aineoin go bhfuilimid féin sa rialtas ó thuaidh. An rud is náirí áfach ná go bhfuil na polaiteoirí go léir (muid féin san áireamh arís) á rá go bhfuil an réiteach is fearr faighte sna coinníollacha atá ann faoi láthair. Níl le déanamh againn anois, a deirtear linn, más rud é go bhfuilimid gann fós, ach an crios a theannú beagainín níos mó.



Ó theas, ach go háirithe, caithfear a admháil go bhfuil fás borb feicithe againn san eacnamaíocht le deich mbliana anuas. Anois, is cuma sa tioc cad a deir lucht Fianna Fáil, nó an Páirtí ‘Daonlatach’ níl an saibhreas seo tar éis filleadh ar an gnáth duine agus ní fillfidh sé riamh is cuma cé chomh crua is a oibríonn duine. Tá muintir Fianna Fáil agus a gcuid gealltanaisí ag teacht salach anois ón mbuiséad deireanach. Duireamar féin go hiomlán soiléir siar mí Bealtaine, nach bhfaigheadh siad a gcuid pleananna a cur i gcrích, agus cáin a ísealú, ach tugadh an cluas bodhar dúinn faraor. Tá rud éigin ábharaín níos measa in ann áfach, agus feicim ag teacht go mear é. Tá slí amháin sa gearr téarma go dtig leo íoc as a pleananna ar fad – príobháidiú. Gan dabht tá siad tar éis obair maith a dhéanamh de cheana le Aer Lingus, Eircom agus Greencore, is dóigh áfach go bhfuil níos mó in ann. Níl todhchaí ar bith dearfach ag teacht chugainn má leanann an scéal seo. Má táimid chun éirí i gceart arís ba cheart go mbeimid ag spreagadh Éireannaigh chun a ghnó féin a thosú, ag réitiú an bealach do pobail tógraí comh-oibriú a chur ar bun. B’fhéidir ansin go mbeadh sé níos furasta ar dhaoine marachtaint agus tabhairt ar ais don stáit.

Níos mó agus níos mó tá an lucht oibre á thostú. Tá an méid seo á dhéanamh go han-cliste, agus go han-éifeachtach. Is plean le dhá cuid é. Ar an gcéad dul síos tá na íocaíochtaí leasa shóisialaigh, go dtí seo bhí sé de chumas ag an rialtas na íocaíochtaí seo a caitheamh in aon slí go mba mhian leo. Dá mbeadh rud ar bit cearr le duine bhí siad i dteideal íocaíochtaí. Mar a dúirt scríobhneoir cailiúl Gearmánach faoi na rudaí seo tráth, gur chiúiniú an lucht oibre a bhí ann, agus is fíor dó é is dócha. Mar sin feictear don cuid eile againn go bhfuil beagnach lán-fhostaíocht againn a cruthaíonn an dara fadhb, ‘macalla an Fís Meiriceánach’. Seo an rud céanna a mheall an hEorapaigh chuig Meiriceá sa tosach, is a coimeádann na páirtithe coimeádacha i réim ann anois. Sé an cur i gcéill ná gur féidir le duine, nó gur gá leo fiú, iad féin a ‘fheabhsú’. Mar sea ní bhíonn daoine buartha, agus ní bhíonn siad sásta éirí aníos, faoin stad ina bhfuil siad. Is as seo atá an freagra againn, tá dearmad déanta ar an lucht oibre, tá dearmad déanta orthu ar an ábhar go bhfuil siad tar éis dearmad a dhénamh orthu féin. Ní freagra sásúil é sin domsa áfach. Caithfimid mar poblachtánaigh sóisialach, an lucht oibre a gríosú chun coinníollach níos fearr a éiliú ón rialtas, torthaí a gcuid oibre a fháil agus cruth úr a cur ar scéal na tíre seo.

1 comment:

Anonymous said...

Is maith an rud go bhfuil cúis an lucht oibre á phlé arís idir gníomhaithe. Tá droim casta ag Fianna Fáil orhtu agus is orainne atá an dualgas seasamh taobh le oibrithe fud fad na tíre seo.

It's good to see Ógra activists discussing the plight of the working classes once more. Successive Fianna Fáil governments have ignored the working clas and it is our duty to stand with workers across this country.

Níl saoirse gan saoirse an lucht oibre