Thursday, December 06, 2007

Mac Ádhmaidh ag óstáil Ceiliúradh na Gaeilge i Stormont

Beidh Uachtarán Shinn Fein Gearóid Mac Ádhaimh MP MLA ag óstáil Cheiliúradh na Gaeilge i Mór-Halla Stormont ar an Áoine 7 Nollaig @ 7in.



Tá Foras na Gaeilge ag déanamh comh-urraíochta ar an imeacht agus beidh ionadaithe ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge as achan chearn den tír i láthair.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Mac Ádhaimh fá dtaobh den imeacht:
"Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge le blianta beaga anuas. Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é dua, díograis agus dúthracht na múinteoirí, na dtuismitheoirí, gníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh an Ghaeilge beo leis na blianta.
"Sa lá atá inniu ann, tá an Ghaeilge ag fás as cuimse, agus tá méadú leanúnach ar an líon daoine óga atá ag iarraidh í a labhairt.
"Is í an dóigh is fearr agus is éifeachtaí lena chinntiú go leanfar le fás agus forbairt na Gaeilge ná í a bheith ina cuid bhríomhar de ghnáthshaol na ndaoine.
"Tá sé rí-thábhachtach fosta go ndéanfaidh muid an méid atá bainte amach i gcothú agus i bhforbairt na Gaeilge le blianta beaga anuas, a cheiliúradh.
"Tá ceiliúradh an Aoine seo chugainn ina chuid thábhachtach de seo.
"Tabharfaidh an ócáid deis do phobal na Gaeilge, do cheoltóirí, do ghníomhaithe pobail agus polaitiúla, do pháistí agus go leor eile an ceol s'againne, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh agus a thaispeáint don saol mór.
"Tá an Ghaeilge ina gné lárnach dár saol mar phobal, is den Ghaeilge muid mar phobal riamh anall, agus caithfimid í thabhairt linn isteach san am atá amach romhainn agus í a bhronnadh ar an chéad ghlúin eile."
Tá an ócáid ar leith seo á comh-urrú ag Gearóid Mac Ádhaimh agus Foras na Gaeilge.
Nóta don eagarthóir.
I meas na ndaoine a bheas i láthair, beidh cór na n-óg, Nollaig agus Áine Brolly; Gearóid Mac Lochlainn, Máire Bean Uí Bhruadair agus Frances Black.
For english version:

No comments: