Friday, June 06, 2008

Conradh Liospóin – Mo bharúil faoi.

Le Senan Mac Aoidh
Ógra Shinn Féin

Ar ndóigh tá an vóta ar Chonradh Liospóin ag druidim linn, beidh orainn dul amach go dtí ar n-ionad vótála áitiúil ar an 12ú Meitheamh agus rogha mór a dhéanamh faoin treo ina bhfuil an tír agus an mhór-roinn seo ag dul. Ag glacadh leis go mbeidh gach ball Ógra os cionn 18 ag vótáil níl, ta an dualgas orainn an scéal a scaipeadh fén chonradh seo, an tiochar a bheas aige ar an domhan seo má éiríonn leis sa vóta. Tá ‘fhios againn cad chuige go bhfuil sé dona don tír seo, ní chaithfidh mé dul ar aghaidh fén chailliúint chumhachta, an míleatú, príomháidiú srl.



Ba mhaith liom labhairt faoi ghné amháin den fhadhb anseo. Tá scoilt i measc mhuintir na hÉireann fén chonradh, go bunúsach tá an argóint uilig fá dtaobh de cén dearcadh domhanda atá agat. Tá ‘fhios agam cén dearcadh atá agam, aontaím le Séamas ó Chonaighle nuair a labhair sé faoi ‘Aontas saor de dhaoine saora’, is ceart agus is cóir do ní hamháin an Eoraip ach an Domhan teacht le chéile fá choinne leas na ndaoine ach ní seo atá an tAontas Eorpach ag cur chun cinn san am i láthair. Ní ‘riailú ón bharr’ atá uainn. Caithfidh muintir na tíre seo a bheith i gceannas ar a dtodhchaí féin ‘fhad ‘s nach gcuirtear isteach ar dhaoine eile i dtíortha eile. Tá neamhspleáchas tabhachtach, tá comhoibriú idirnáisiúnta tabhachtach fosta. Creidim in aisling an tsóisialachais idirnáisiúnta agus tá an conradh seo ag tiomáint 100% in éadan na haislinge sin.

Ar na taobh eile tá nós/cultúr/idíeolaíacht an nua-liobrálachais á bhrú chun tosaigh ag Fianna Fáil, ina bhfeachtas ar son an chonartha. ‘margadh saor’,’saoirse’, ‘iomaíocht’, ‘táirgiúlacht’, ‘an EACNAMAÍOCHT’. Seo na buzz-fhocail sa religiún nua. Is cuma faoina na doine ach is í an eacnamaíocht atá mar phríomh-chúram ag an stát, dar leo.
Seo an rogha duit, os do chomhair. Cé thusa? ‘bhfuil tú sásta glacadh le Éire, le Eoraip, le Domhan atá rite agus eagraithe trín phrionsabal seo?


Ní seo an treo ceart, chun a chur i gcuimhne dúinn, tá an domhain i bponc, i gcruachas, níl go leor bia ann( bheul tá, ach tá an mhórchuid i lámha an mhionlaigh shaibhir), tá tubaiste mhór ag druidim linn, an t-oighear ó thuaidh ag leá, tá bochtanas millteanach go forleathan, tá níos mó sclábhaíochta ann anois ná a bhí ariamh i stair an domhain, níl oideachas ceart ar fáil do mhór-chuid daoine. Agus tá ceannairí mean-aicmeacha na hEorpa ag iarraidh an cacamas seo, an Conradh Liospóin a reachtáil. Ní dóigh liom, ní ghlacaimis leis.

No comments: