Thursday, June 21, 2007

Mol an Ógra agus tiocfaidh siad!

(Ógra on the March!)

Peader de Bluit

Tá seanfhocal ciallmhar sa Gaeilge a deir, "Mol an óige agus tiocfaidh sí". Tá nath ábharaín éagsúil ag an gluaiseacht seo áfach. Is minic na laethanta go gcloistear á rá, "Mol an Ógra agus tiocfaidh siad". Tá an meoin seo ag fás le tamaill agus an t-aos óg sa gluaiseacht ag iarraidh tógáil, agus béim a cur ar pholaitíocht óige. Sé sin le rá go mbeadh inchur níos mó ag an t-aos óg, todhchaí na gluaiseachta agus na tíre, i gcúrsaí ar leith.

Bhí eachtra mar seo ag teacht le tamaill. Cuireadh cosa leis ag an Ard Fheis i 2006 áfach, nuair a sheas baill den eite ógra suas le linn an díospóireacht póilíneachta. Bhí an dream seo ag cur in iúl go raibh siad glan i gcoinne plean ar bith chun athrú a dhéanamh ar stad na gluaiseachta ó thaobh póilíneacht de. Lean seo ar aghaidh go dtí tús na bliana seo nuair a d'fhoilsigh Ógra plean éagsúil ó líne an phairtí ag iarraidh reifreann a gríosadh sa gluaiseacht. Ní raibh ar an lá, thuill siad níos mó meas dóibh féin in dhiadh sin áfach, ag glacadh le rogha daonlathach an ballraíocht.

Cén iontas é áfach go bhfuil an dream óg poblachtánaithe seo ag iarraidh ainm a dhéanamh dóibhféin mar grúpa cumasach a bhfuil ciall acu leis. Nár tháinig ceannasaíocht an lae inniu chun cinn agus iad féin óg a dhóthain. Ní dócha áfach go bhfuil coup d'état in ann dúinn tá samhradh i bhfad ró-gnóthach ós comhair an grúpa seo gan bacaint le saol leadránach na polaitíochta.

Le sé mhí anuas bhí feahtas ar siúl againne darb ainm ARISE. Bhíomar an polaitíocht óige céana a spreagadh ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. D'éirigh go han-mhaith linn i rith an tréimhse sin agus sinn anois ag tabhairt ár n-aghaidheanna ar fhaeachtas úrnua chun an t-aos óg a mhealladh chuig an polaitíocht shóisialach, radacach a ofráilimid.

Is cinnte áfach go bhfuil cáil an t-aos óg ag ardú i réim. Ritheadh rún ag an Ard Fheis deiridh ag moladh Ógra as an obair a bhí déanta acu le blian anuas. Nuair a chonaic roinnt dúinn an rún sin ar Chlár na hArd Fheise ní mó ná iontas a bhí orainn, ach breá sásta glacadh leis an moladh an t-am céanna. Chinneamar áfach glacadh leis an moladh seo go ciúin sibhialta ar an ábhar nach raibh rún den t-ord céanna curtha chun cinn againne ag an Comhdháil Náisiúnta.

Tá nod ann leis insan rún a ritheadh ag an Ard Fheis i mbliana. Má táimid ag iarraidh go mbeadh an gluaiseacht seo láidir sa todhchaí, tá sé riachtanach go mbeadh Ógra láidir anois. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach mar in ainneoin an dian-obair atá ar siúl ag cumainn Ógra faoi láthair níl siad i ngach uile áit timpeall na tíre go fóill. Bí cinnte go bhfuil Oifigeach Ógra, is cuma cén aois iad i ngach uile comhairle ceantar agus cumann. Bíodh sé mar aidhm agaibh ins na míonna atá le teacht an t-aos óg a spreagadh agus a mhealladh chuig Sinn Féin.

Mol an Ógra agus tiocfaidh siad!

No comments: