Thursday, June 28, 2007

Nilimid imithe in aon chor an bhfuil fhios agat?

Peader de Bluit
Ógra Shinn Féin
Filleann an feall ar an bhfeallaire a deirtear, ach ní bheifeá cinnte de sin tar éis an toghchán is déanaí. Tá an buachaill bó Bertie fós i réim in ainneoin na ceisteanna faoina airgeadais, an stáit dhá réim atá anois againn agus go leor fadhbanna eacnamaíoch agus sóisialta eile sna 26 contae. Ní hamaháin seo ach tá sé imithe níos faide fós agus iachall méadaithe a cur orthusan a íocann cáin, leis na trí phost nua sa rialtas chun na cúilbinsí a shocrú agus na heireball in airde le teacht chun cinn an Comhaontas Glas.
Ní hé Bertie an t-aon radharc pianmhar atá fós linn i ndiadh na toghchána. Tá áit fós ag an bPáirtí 'Daonlathach' sa rialtas. Is éacht den scoth é seo cuma cad a ceapann aoinne den grúpa seo. In ainneoin nach bhfuil ach 1.2% des na suíochán sa parlaimint acu anois, tar éis an scriosadh millteach a deineadh orthu, fós tá suíochán acu ag bord an rialtais. Filleann an feall ar an bhfeallaire? N'fheadar mé in aon chor?
Tá an scéal níos measa ná sin fós áfach. Sé an roinn atá faighte ag an dream nimhneach, contúirteach seo ná sláinte. Ciallaíonn sé sin go lámh saor athuair ag an sean-Aire Sláinte, Mary Harney, leanúint ar aghaidh le milleadh a dhéanamh ar pé codanna den gcóras poiblí atá fágtha sa stáit seo. Príobháidiú an córas sláinte, lárú na hospidéil, ag lonnú achmhainní riachtanach in ionad príobháideach, cosúíl leis an aonad raidió-teiripe atá san Oir-Dheisceart. Cé orthu atá an feall ag filleadh arís?
Agus cad in aon chor faoi lucht na heite clé? Tá an cuma ar an scéal go bhfuil siad bailithe seo go dtí an lár. Páirtí an Lucht Oibre, reidh agus ullamh dul isteach i gcomhrialtas leis na coimeádaigh i Fine Gael. An Comhaontas Glas anois istigh i rialtas le Fianna Fáil agus na daonlathaigh, beidh le feiceáil conas a éireódh leoithe sin ar an clé go fóill. Tá an Páirtí Sóisialach briste ar fad ach is dócha nach bhfuil siad imithe go fóill. Agus cad fúinn féin?
Tá díospóireacht doimhin, cuimsitheach, leanúnach ag dul ar aghaidh eadrainn ar fad faoi láthair. Tá píosaí insan foilseacháin seo fós ag déanamh anailís ar an toghchán. Baill den gluaiseacht ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh an locht orainn, nó an ea gur oibrigh coinníollacha an toghchán inár gcoinne. Sé an dá rud a bhí ann is dóigh féin. Níor chabhraigh sé go raibh dhá rogha glan ós comhair na daoine ag dul isteach sa toghchán. Gan dabht chuir an 'squeeze' cáiliúl seo brú uafásach orainn agus níorbh é sin an t-aon rud a d'oibrigh inár gcoinne.
Dár le Dermot Ahern, d'fhéadfadh duine athruithe polasaithe Shinn Féin a dhéanamh amach bunaithe ar cad é a dúirt Fianna Fáil nach raibh sásúil. Sé fuirist dósiúd sin a rá anois agus é sáitithe siar sa tigh uaine arís. Tá ciall ar leith leis an méid a deir sé áfach. Dheineamar botúin sa toghchán seo. Tá sé tábhachtach dúinn sin a thuiscint agus na botúin céanna a sheachaint sa todhchaí. Sé an rud atá i bhfad Éirinn níos tábhachtaí anois ná an phairtí a thógáil ó theas. Caithfimid méid na gluaiseachta a fhás go mór roimh 2009 agus a bheith réidh don dúshlán sin. Caithfimid bheith láidir sa phobail, gníomhach ar ár gcuid polasaithe radacach sóisialach, agus a thaispeáint go bhfuilimid i ndáirire faoi an dá cuid den stáit seo a feabhsú.
Fillfidh an feall ar na bhfeallairí, nílimid imithe in aon chor.

(Signing out!)

No comments: