Wednesday, February 06, 2008

Bliain Nua, Dúshláin Nua

Le MacSainordú
Bliain Nua, Dúshláin Nua


Ar dtús, is é seo mo chéad alt ar an Bhlog Ógra; as Gaeilge. Is foghlaimeoir mé, agus bí foighneach liom!

Tá an bhliain 2007 thart; agus in Ógra, tá muid ag amharc chun tosaigh don dhúshláin agus an obair atá le déanamh againn i mbliana.

Thosiagh muid an Athbhliain cúpla seachtaine ó shin, ag an Chomhdháil Náisiúnta 2008. Tháinig comrádaíthe ó fud na tire le chéile, chun rúin a phlé agus ceisteanna óige a chur chun cinn. Bhí díospoireacht sláintiúil ann agus creidim go bhfuil muid réidh le Ógra a thógáil sa bhliain 2008.

D’fhógair muid ár bhfheachtas náisiúnta nua freisin, ag an Chomhdháil.

Rinne muid an fógra faoin fheachtas náisiúnta nua: N.A.R.C. (Not Another Ravaged Community). Mhínigh muid smaointí an fheachtais, agus chuir muid ár bplean ar feadh an chéad cúpla mhíonna i 2008 roimh na ballríochta.

Beidh muid ag iarraidh an t-eolas a mhéadú ar cheisteanna agus fadhbanna mhí-úsáid drugaí agus alcól. Ba mhaith linn údarás a thabhairt do dhaoine óga agus meon an phobail a dhíriú ar na fadhbanna seo.

Is é ár ndúshlán, agus ár ndualgas, ceannasaíocht a thaispeáint do dhaoine óige ar fud na hÉireann. Is é NARC ár gcéad feachtas, in 2008.

Tugaim dúshlán daoibh i 2008 rath a dhéanamh!


1 comment:

Anonymous said...

Maith thú Mac Sainordú, dúirt mé leat nach raibh ort ach triail a bhaint as, airteagal mhaith ach ná bí ag gobadh isteach ar mo chuid oibre!