Wednesday, February 20, 2008

Ógra i mBéal Feirste ag tacú leis an Ghaeilge

Ar an 16ú Feabhra, an sathairn seo chaite a bhí '' an Pharáid Cheiliúrtha ar son na gaeilge agus na héagsúlachta '', inar seoladh teachtaireacht shimplí do na húdaráis, ag rá go bhfuil pobal láidir bríomhar Gaeilge ann agus nach ngéillfímis go deo don bhrú atá ag teacht anuas orainn le déanaí go háirithe.Ba ócáid iontach bríomhar é inar tháinig líon mór daoine amach ag tacú leis an teanga agus leis an chultúr atá faoi ionsaí fíochmhar ag lucht an DUP fé lathair. Chuaigh an pharáid go hiontach maith agus tig liom a rá go ndeacaigh sé i bhfeidhm go mór ar mhuintir na cathrach, ón chuma a bhí orthu.


Is iontach an rud é pobal na Gaeilge a fheiceáil amach ag bailliú le chéile ar lá amháin ag slógadh mór amháin, rud a chaithfidh tarlú arís 's arís go dtí go bhfuil torthaí dearfacha againn agus acht Gaeilge láidir ann do mhuintir uile na hÉireann.

Bhí muid as Ógra Shinn Féin ag an pharáid chun ár dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge, go háirithe d'Acht na Gaeilge, rud atá gá millteannach ann ó thuaidh chun cearta na nGael a chosaint agus le comhionnanas a bhunú idir Béarla agus Gaeilge.

Fé láthair is iomaí deacracht atá ann ag pobal na Gaeilge, ar ndóigh leis an Aire Chultúir sotalach sin Edwin Poots i réim, tá sé ag léiriú lá i ndiaidh lae go bhfuil sé tiománta in éadan dul chun cinn na teanga.Tá sé soiléir go bhfuil rún ag an DUP agus ag an Aire seo an Ghaeilge a chur faoi chois. Ní thig linn glacadh leis an meoin sin.

Cinnteoidh Ógra Shinn Féin agus pobal na Gaeilge i gcoitinne nach mbeidh stop ar bith leis an dul chun cinn, leanfaidh muid ar aghaidh ag tógáil agus úsáid ár samhlaíocht chun todhchaí gheal a chruthú d'ár dteanga.




No comments: