Thursday, April 01, 2010

Sinn Féin Easter Message 2010

"On this the 94th anniversary of the 1916 Rising the leadership of Sinn Féin extends its solidarity to the families of all our patriot dead. We remember with pride those comrades from every generation who gave their lives for the cause of Irish freedom. We are immensely proud of our patriot dead and of their families.

We are committed to the ideals and principles of the Proclamation. They are as relevant today as they have ever been.


The unity and independence of Ireland remains our primary political objective and Sinn Féin has a political strategy to achieve it.We are consolidating the Peace Process while seeking always to advance towards Irish unity. It is in this context that policing and justice powers are being transferred from Britain to the North, that Irish language rights have been advanced, that the North is being demilitarised, that the Orange state has been dismantled. There are more republicans now than at any time in recent memory and Irish unity is a live political issue.

Small militarist factions have engaged in futile armed actions which play into the agenda of MI5 and other British agencies. These groups have no strategy and have nothing to offer the republican struggle. A peaceful and democratic path to Irish unity is now available.Sinn Féin now seeks to bring a new momentum to the achievement of a united Ireland through maximising popular support and uniting the greatest number of people in support of national democratic objectives. We are also building support for this objective among the Irish diaspora.We will soon face into a Westminster election. The positive momentum created by the recent political developments must be translated into increased electoral support for Sinn Féin so that we can bring about greater political change and further advance towards our ultimate objective.

Everyone has a role to play in these elections.

Sinn Féin’s job is to build a credible political alternative to the failed politics of the establishment. The party has put forward practical solutions to create and protect jobs, to stimulate the economy and to construct a fairer society. These policies must be promoted at every available opportunity and at a local level.

The current economic crisis is being felt throughout the country. Unemployment is soaring and the blight of emigration has returned, especially in the South. The coalition government in Dublin has abjectly failed to tackle this crisis, which is causing so much hardship to so many.

This current government is one of the most unpopular in the history of the state and republicans must prepare now for a general election in the 26 Counties that could occur at any time.We need to build Sinn Féin throughout every corner of Ireland.

In this spirit, at our recent Ard Fheis Sinn Féin radically changed party structures to make joining Sinn Féin easier. We want more and more people to be party members by working in whatever way they can for republican objectives. Republicans will turn out in large numbers to Easter commemorations across Ireland this weekend. We want them to return to these commemorations next year as Sinn Féin members.

We commend the work of Ógra Shinn Féin. As unemployment and emigration threaten the future of our youth, an active republican youth organisation is more vital than ever. Ógra have been active on a range of social and political issues and have shown that young people can fight back.

The united Ireland we seek to build is inclusive, in which all of our people feel secure. We want unionists to be able to find their place in a new Ireland. We believe that Irish unity and a genuine republic can deliver social, economic and cultural equality for all of our people.

As we celebrate the lives of our comrades and commemorate the sacrifices of our patriot dead, we look to the future with renewed confidence and re-commit ourselves to the achievement of our republican objectives."


Ráiteas na Cásca ó Cheannaireacht Shinn Féin

"Inniu ar an 94ú comóradh Éirí Amach 1916, cuireann ceannaireacht Shinn Féin beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig teaghlaigh na dtírghráthóirí marbha s’againn ar fad. Bíonn bród orainn nuair a chuimhnímid na comrádaithe ó gach glúin a thug a saol ar son saoirse na hÉireann. Táimid bródúil go mór as ár dtírghráthóirí marbha agus as a dteaghlaigh.

Táimid tiomanta do na hidéil agus do na prionsabail san Fhorógra. Tá siad chomh hábhartha inniu is a bhí riamh.

Is iad aontas agus neamhspleáchas na hÉireann na príomhchuspóirí polaitiúla s’againn go fóill agus tá straitéis pholaitiúil ag Sinn Féin chun na cuspóirí seo a bhaint amach.

Táimid ag daingniú phróiseas na síochána agus muid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gcónaí i dtreo aontas na hÉireann. Sa chomhthéacs seo tá cumhachtaí póilíneachta agus ceartais á n-aistriú ón Bhreatain chuig an tuaisceart; tá cearta Gaeilge á gcur chun cinn; tá an tuaisceart á dhímhíleatú; tá an Stát Oráisteach á scriosadh. Is iomadúla líon na bpoblachtach anois ná le cuimhne na ndaoine agus is ceist pholaitiúil í aontú na hÉireann atá beo beathach.

Tá grúpaí beaga míleata ag dul chun chomraic armtha atá fánach agus a chuidíonn le clár oibre MI5 agus ghníomhaireachtaí eile na Breataine. Níl aon straitéis ag na grúpaí seo agus níl aon rud le tairiscint acu don streachailt poblachtach. Tá bealach síochánta, daonlathach anois ann chun aontas na hÉireann a bhaint amach.

Tá Sinn Féin ag iarraidh athbhrí a chur san fheachtas chun aontú na hÉireann a bhaint amach, tríd an tacaíocht is mó is féidir a fháil ón phobal i gcoitinne do na cuspóirí daonlathacha náisiúnta. Táimid ag cur leis an tacaíocht don chuspóir seo i measc dhiaspóra na hÉireann freisin.

Tabharfaimid aghaidh ar thoghchán Westminster gan mhoill. Ní mór do Shinn Féin leas a bhaint as an mhóiminteam dhearfach a chruthaigh an dul chun cinn polaitiúil is déanaí sa toghchán seo, ionas gur féidir linn athrú polaitiúil a bheas níos suntasaí a chur i ngníomh agus céim eile a ghlacadh i dtreo ár bpríomhchuspóra. Tá a ról féin le himirt ag gach aon duine sna toghcháin seo.

Is é an ról atá ag Sinn Féin ná rogha pholaitiúil inchreidte a thairiscint in áit pholaitíocht na bunaíochta a bhfuil teipthe uirthi. Tá an páirtí i ndiaidh réitigh phraiticiúla a chur chun tosaigh le poist a chruthú agus a chosaint, leis an gheilleagar a spreagadh agus le sochaí níos cothroime a thógáil. Caithfear gach deis a thapú chun na polasaithe seo a chur chun cinn agus ar leibhéal áitiúil.

Tá géarchéim gheilleagrach na linne seo le brath ar fud na tíre. Tá dífhostaíocht ag ardú agus taibhsíonn an bád bán inár gcuanta arís, go háirithe sa deisceart. Tá teipthe amach is amach ar an chomhrialtas i mBaile Átha Cliath dul i ngleic leis an ghéarchéim seo, rud atá ag fágáil an oiread sin daoine ar an ghanchuid.

Is mó míghnaoi na ndaoine ar an rialtas seo ná ar rialtas eile le fada an lá i stair an Stáit agus caithfidh poblachtaigh a dhéanamh réidh anois le haghaidh olltoghcháin sna 26 Contae a d’fhéadfadh a bheith ann in am ar bith.

Ní mór dúinn Sinn Féin a thógáil i gcúig cúigí na hÉireann.Sa spiorad seo, athraíodh struchtúir an pháirtí le déanaí ar Ard Fheis Shinn Féin chun dul isteach i Sinn Féin a éascú. Ba mhaith linn go raibh tuilleadh daoine ina mball den pháirtí, iad ag obair i cibé slí ar féidir le haghaidh cuspóirí poblachtacha. Beidh poblachtaigh amuigh ina sluaite ar chuimhneacháin na Cásca ar fud na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Ba mhian linn iad a bheith ag teacht ar ais chun na gcuimhneachán ar an bhliain seo chugainn agus iad ina mball de Shinn Féin.

Molaimid obair Ógra Shinn Féin. Agus dífhostaíocht is eisimirce ina mbagairt mhór ar thodhchaí ár n-óige, is tábhachtaí anois ná riamh go mbeadh eagraíocht phoblachtach atá gníomhach ann don óige. Bhí Ógra gníomhach ar réimse saincheisteanna sóisialta agus polaitiúla agus thaispeáin siad gur féidir le daoine óga an fód a sheasamh.

Áit chuimsitheach is ea í an Éire aontaithe atáimid ag iarraidh a tógáil, agus caithfidh gach ceann dár ndaoine a bheith ar a suaimhneas inti. Is mian linn go mbeadh áit dá gcuid féin ag aontachtaithe in Éirinn nua. Creidimid gur féidir le haontas na hÉireann agus le fíorphoblacht comhionannas sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha a thairiscint do gach duine dár bpobal."

No comments: